Comhaid Shuirbhé Topagrafach agus Ginearálta Chumann Turasóireachta na hÉireann

Chuir Cumann Turasóireachta na hÉireann, réamhtheachtaí Bhord Fáilte, na comhaid seo i gceann a chéile ar bhonn paróistí le linn na 1940idí. Cé gur tugadh faoin suirbhé le háiseanna turasóireachta i suíomh a dhéanamh amach, tugann sé eolas suimiúil ar shuíomhanna stairiúla, seandachtaí agus nósanna áitiúla.

Chuir Cumann Turasóireachta na hÉireann, réamhtheachtaí An Bord Fáilte (Fáilte Ireland a thugtar air anois), Comhaid Shuirbhé Topagrafach agus Ginearálta Chumann Turasóireachta na hÉireann le chéile. Rinneadh na suirbhéanna seo sna 1940idí agus cuimsítear breis agus 90 paróiste ar fud na tíre ó Eadargóil go hEochaill ann. Bhronn Comhairle na Leabharlanna na suirbhéanna ar Leabharlann Chontae Chorcaí in 1983. Sa suirbhé topagrafach agus ginearálta measadh leibhéal reatha na n-áiseanna agus na n-acmhainní turasóireachta sa tír le díriú ar cheantair le hacmhainneacht forbartha. Rinneadh staidéar ar an topagrafaíocht, ar an nginealas, ar thithe cónaithe sonracha, an spórt, lóistín/lónadóireacht agus áiseanna sna suirbhéanna seo. Tugtar an t-uafás eolais sna suirbhéanna seo ar stair shóisialta Chorcaí agus spléachadh ar an saol laethúil mar a bhí do dhaoine a mhair sna 1940idí. Tá siad tábhachtach mar gheall ar an eolas a chuirtear ar fáil iontu ar an tseandálaíocht áitiúil agus ar na suíomhanna stairiúla agus na nósanna agus an béaloideas a mbaineann leis.

Úsáideadh 5 foirm éagsúil agus suirbhé ar cheantar aonair á chur le chéile:

Foirm A: Bhain an fhoirm seo le gnéithe nádúrtha, le topagrafaíocht agus ginealas an cheantair. Chomh maith leis sin, taifeadadh cur síos mion ar sheaniarsmaí agus suíomhanna seandálaíochta, caisleáin, eastáit agus tithe agus áiteanna adhlactha stairiúla. Ina theannta sin, breacadh síos nótaí ar eolas a bhain le spánna nó fuaráin mhianracha, ábhair iontais, nósanna, patrúin agus seanchas áitiúil. Tá an chuid seo den chomhad lán le nótaí sa bhreis a bhreac an suirbhéir síos ar ábhair iontais agus suíomhanna stairiúla chomh mar aon le sceitsí, líníochtaí agus grianghraif.

Foirm B: Tugtar eolas ar an spórt agus ar chluiche amhail an tslatiascaireacht, galf, an tsealgaireacht, cúrsáil, an rámhaíocht, an tseoltóireacht, an rothaíocht agus an lúthchleasaíocht.

Foirm C: Cuirtear eolas ar áiseanna agus ar sheirbhísí poiblí amhail tránna, áiseanna snámha agus folctha, páirceanna, gairdíní, tailte fóillíochta, suíomhanna campála, iompar poiblí, hallaí damhsa, pictiúrlanna, amharclanna, leabharlanna, seirbhísí eaglasta, garáistí, stáisiúin peitril, seirbhísí poist agus baincéireachta. Taifeadadh eolas ar chlubanna sóisialta agus cumainn chultúrtha, tionscail, ceirdeanna agus ainmneacha coláistí agus scoileanna chomh maith.

Foirm D: Ceannteidil agus catagóirí cosúil leo siúd i bhFoirm C amhail áiseanna agus eolas ginearálta ar bhaile nó sráidbhaile ach gan tagairtí d’áiseanna a bhain le ceantair chois farraige a taifeadadh i bhFoirm C.

Foirm E:Tugtar eolas sa chuid seo ar lóistín sa cheantar áitiúil agus ainmneacha óstán, tithe aíochta agus tithe lóistín, chomh maith le hainmneacha bialanna agus caiféanna áitiúla.

Is liosta digiteach reatha é seo a leanas de chomhaid CTÉ Chorcaí. Tá cóipeanna crua sa bhreis de cheantair eile den tír a ndearnadh suirbhé orthu, agus is féidir amharc orthu sa Leabharlann Staidéar Áitiúil.

Adrigole

Aghinagh

Ballinspittle

Ballydesmond

Ballyhea

Ballymacoda

Ballyvourney

Bandon

Bere Island

Boherbue

Castlehaven

Castletownroche

Clontead

Donoughmore

Innishannon

Macroom

Passage West

Skibbereen

Timoleague

Youghal

Bhí an bailiúchán fótagrafach mar chuid den suirbhé a rinne Cumann Turasóireachta na hÉireann sna 1940idí. Tá na grianghraif ón CTÉ, breis agus 260, digitithe agus rochtain orthu ar líne.

See more at the Digital archive

To see all of The items in this collection visit the Cork Local Studies Digital Archive