Taifid agus Cnuasaigh Eile

Comhdhéantar cuid den bhailiúchán digiteach againn d’earraí uathúla, leabhair miontuairiscí Chomhairle Bhaile Uí Bhuadáin agus taifid ón McCutcheon Bandon Collection. Tugann an t-ábhar seo léargas ar stair an rialtais áitiúil i mBaile Uí Bhuadáin sa naoú haois déag. Tá Áirítear leabhair nótaí Iarnróid Choilm Uí Chríodáin sna taifid dhigiteacha eile atá mar chuid de na bailiúcháin againn. Tugann an cnuasach mór ábhar seo foinse eolais shuimiúil dúinn ar stair agus forbairt ghréasán an Iarnróid i gcontae Chorcaí.

Leabhair Nótaí Iarnróid Choilm Uí Chríodáin

Ba staraí díograiseach iarnróid é Colm Ó Críodáin a bhailigh cnuasach mór leabhar nótaí ar an iliomad gréasán iarnróid a bhíodh ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Chuir an chartlann leathan seo de leabhair nótaí síos ar eolas a bailíodh ó na 1950idí go dtí na 1980idí agus grianghraif agus gearrtháin nuachtán mar fhorlíonadh acu. Bronnadh na leabhair nótaí ar Leabharlann Chontae Chorcaí agus tá siad mar chuid thábhachtach den taisclann a bhaineann le stair na n-iarnród in Éirinn.

See more at our digital archive

Bailiúchán Bandon McCutcheon

Is roghnúchán ábhar ar le Clare McCutcheon é seo a ndearna an Leabharlann Staidéar Áitiúil é a dhigitiú. Ba Phríomhoide ar Scoil Ghramadaí Bandan é athair Ms McCutcheon agus bhí suim mhór aige in stair na Bandan.

Baineann na hearraí le rialtas áitiúil na Bandan sa naoú céad déag. Baineann an tromlach acu le glacadh an Acht Feabhsaithe Baile do Bhaile Uí Bhuadáin, ag tarraingt aird ar phríomhthoghthóirí an bhaile agus teorainneacha na parlaiminte á n-achoimriú.

See more at our digital archive

Leabhair Miontuairiscí Chomhairle Bhaile Uí Bhuadáin

Na leabhair miontuairiscí is sine ata fós ann ó Choimisinéirí Bhaile Uí Bhuadáin ag an am a théann siar go hAibreán 1837. Tá taifid d’imeachtaí agus de chruinnithe an choimisinéara, cinnidh a rinneadh, measúnú ar chúrsaí airgid agus cuid sonraí ar thoghcháin sna leabhair. Déantar mionchuntas ar stair Bhaile Uí Bhuadáin, uaireanta suaite le linn an Drochshaoil, cogaidh chathartha agus Chogadh na Saoirse.

Nuair a cuireadh deireadh leis na comhairlí baile sa bhliain 2014, rinneadh na leabhair miontuairiscí a dhigitiú agus tugadh cóipeanna do Leabharlann Chontae Chorcaí. Cuireadh na bunleabhair miontuairiscí i dtaisce i gcartlanna Chathair agus Chontae Chorcaí.

See more at our digital archive

Eastát Shráid an Mhuilinn & Wallis

Eastát Wallis & Shráid an Mhuilinn: Sa naoú céad déag chuaigh cuid mhór de Shráid an Mhuilinn faoi úinéireacht Eastát Wallis. Sa bhliain 1901 díoladh an t-eastát i gcúirt Bhreitheamh an Talaimh. Tá sliocht as ‘Notes on the History of Millstreet’ leis an gCanónach Michael Costello agus Pádraig Ó Maidín, arna fhoilsiú ag Cumann Staire na hAbha Báine, ina n-achoimrítear cúlra an díolacháin. Achoimrítear i ndoiciméid bhreise mionsonraí an díolacháin agus cuirtear síos ar gach suíomh de na 132 suíomh a raibh le díol, chomh maith le heolas ar ainmneacha na dtionóntaí, an cíos bliantúil, méid talaimh agus cur sios na tionóntachta. The map marks each lot in the sale

See more at our digital archive

Caisleáin i gContae Chorcaí

Chnuasaigh James N. Healy 1916-1993 an–chuid staire ar Chaisleáin sa tír. Tá cuntas suimiúil ar na suíomhanna stairiúla seo ina chnuasach de ghrianghraif agus nótaí clóscríofa. D’fhoilsigh sé treoir údarásaíoch ar chaisleáin dár teideal ‘The Castles of County Cork: With 72- line drawings and 10 Maps by the author’.

See more at our digital archive

Treoirleabhair Stairiúla Chorcaí

Tá leabhair dhigiteacha againn atá mar chuid de Cork Historical Guides Series ina gcuirtear foinse eolais spéisiúil ar fail faoin stair áitiúil san iliomad ceantar i gCorcaigh, Bun an Tábhairne, Inis Sionnach agus Inis Píc, Mala, Eochaill, Bandan agus Cionn tSáile.

See more at our digital archive

Na Blianta Réabhlóideacha agus Cogadh na Saoirse

Ba thréimhse athraithe stairiúil ollmhóir in Éirinn iad na blianta beaga roimh agus le linn Chogadh na Saoirse. Tá eolas faoin tréimhse thábhachtach seo i stair na hÉireann curtha san áireamh sna cnuasaigh dhigiteacha againn. Áirítear, i gcuid den ábhar, cóipeanna digiteacha de leabhráin agus paimfléid, cártaí poist ó 1916 agus léirithe leabharlainne ag tabhairt eolas faoi imeachtaí stairiúla na mblianta 1917 go 1921.

See more at our digital archive