Na Cnuasaigh Againn

Más ag déanamh taighde ar an dúiche nó ar lorg ceangail teaghlaigh atá tú, tá saibhreas eolais le fáil sna cnuasaigh againn. Tá cnuasach mór grianghraf, irisí, cártaí poist, Comhaid CTE agus tuilleadh againn.

Cnuasach Chorcaí

Is acmhainn ollmhór leabhar ar an iliomad ábhar a bhaineann le contae Chorcaí agus lena stair agus oidhreacht shaibhir é seo. I measc na n-ábhar tá an ailtireacht, an tseandálaíocht, an spórt, an bheathaisnéis agus an stair shóisialta agus pholaitíochta. Tá irisí stairiúla arna fhoilsiú ag grúpaí stairiúla áitiúla timpeall an chontae mar chuid lárnach de Chnuasach Chorcaí.

I measc na mbuntéacsanna taighde i gCnuasach Chorcaí tá:

‘The ancient and present state of the county and city of Cork: containing a natural, civil, ecclesiastical, historical and topographical description thereof’ By Charles Smith (1715?-1762)

‘A guide to tracing your Cork Ancestors’ By Tony McCarthy and Tim Cadogan

Cnuasach na hÉireann

Chomh maith le Cnuasach Chorcaí, tá cnuasach leabhar mór ar ábhair éagsúla amhail an t-oideachas, an tseandálaíocht, an béaloideas, cuimhní cinn taistil agus leabhair a dhíríonn ar imeachtaí tábhachtacha i stair na hÉireann ar díol spéise go náisiúnta iad.

I measc na samplaí de théacsanna i gCnuasach na hÉireann tá:

‘Atlas of the Great Irish Famine’ Edited by John Crowley, William J. Smyth and Mike Murphy

‘Atlas of the Irish Revolution’ Edited by John Crowley, Donal Ó Drisceoil and Mike Murphy; associate editor John Borgonovo

‘Ireland under the Tudors: with a succinct account of the earlier history: 3 volumes’ by Richard Bagwell.

‘The beauties of Ireland: being original delineations, topographical, historical and biographical of each county’ by J.N. Brewer

‘The Irish Country House: a social history’ by Peter Somerville-Large

Rannóg na Leabhar Uathúla

Tá seomra na leabhar uathúla ina chuid ar leith de na bailiúcháin againn. Tá an cnuasach comhdhéanta de leabhair agus paimfléid arna fhoilsiú sa naoú céad déag chomh maith le roinnt saothar sonrach níos sine ó dheireadh na 1600idí agus ó thús go lár na 1700idí. Áirítear ábhar a bhaineann le Corcaigh chomh maith le leabhair ar díol spéise ar bhonn náisiúnta iad sna cnuasaigh againn.

Bailiúchán Grianghraf agus Cártaí Poist

Tugann na bailiúcháin fhótagrafacha mhóra againn léargas inspéise ar stair shaibhir shóisialta agus chultúrtha Chorcaí. Cuimsíonn na bailiúcháin réimse leathan ábhar, iarnróid stairiúla, sráid-dreacha ó Bhandan sa naoú céad déag, íomhánna ó stiúideo grianghrafadóireachta Dheartháireacha Uí Argáin in Eochaill ag tús an fichiú céad agus grianghraif a dhéanann taifead ar stair iomráiteach amharclannaíochta Chorcaí.

Taifid agus Cnuasaigh Eile

Comhdhéantar cuid den bhailiúchán digiteach againn d’earraí uathúla, leabhair miontuairiscí Chomhairle Bhaile Uí Bhuadáin agus taifid ón McCutcheon Bandon Collection. Tugann an t-ábhar seo léargas ar stair an rialtais áitiúil i mBaile Uí Bhuadáin sa naoú haois déag.

Tá Áirítear leabhair nótaí Iarnróid Choilm Uí Chríodáin sna taifid dhigiteacha eile atá mar chuid de na bailiúcháin againn. Tugann an cnuasach mór ábhar seo foinse eolais shuimiúil dúinn ar stair agus forbairt ghréasán an Iarnróid i gcontae Chorcaí.

Comhaid Shuirbhé Topagrafach agus Ginearálta Chumann Turasóireachta na hÉireann

Chuir Cumann Turasóireachta na hÉireann, réamhtheachtaí Bhord Fáilte, na comhaid seo i gceann a chéile ar bhonn paróistí le linn na 1940idí. Cé gur tugadh faoin suirbhé le háiseanna turasóireachta i suíomh a dhéanamh amach, tugann sé eolas suimiúil ar shuíomhanna stairiúla, seandachtaí agus nósanna áitiúla. Is fiú ór na comhaid seo don té breá leis an stair áitiúil. Tá 95 comhad sa chnuasach againn agus sráidbhailte agus bailte ar fud na tíre ó Eadargóil go hEochaill ina measc.

Irisí

Tá cnuasach leathan irisí agus tréimhseachán ar an stair áitiúil a chuir cumainn agus grúpaí stairiúla ar fud na tíre i gceann a chéile iad. Tugann na leabhair seo léargas luachmhar ar stair, cultúr agus traidisiún ceantair.

Tá roinnt eagrán de na hirisí seo, amhail ‘Iris Stairiúil an Sciobairín is a Dhúiche’, Ros Ó gCairbre Inné agus Inniu’ agus ‘Taifead Chionn tSáile’ le breathnú sna cartlanna digiteacha againn.

Léarscáileanna

Tugann an cnuasach léarscáileanna againn léargas an-spéisiúil ar oidhreacht chartagrafach an chontae. Tá léarscáileanna Mhala, An Phasáiste, An Chóibh agus Eochaill de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ar scála deich troithe sa mhíle agus an t-uafás mionghnéithe sna bailte seo á dtaispeáint. Acmhainní suimiúla eile a bhaineann le staidéar ar stair shaibhir Chorcaí is ea iad léarscáileanna eastáit Standish Barry agus léarscáileanna eastáit Poonsonby ó dheireadh na 1860idí/thús na 1870idí

Taispeántais Leabharlann Staidéar Áitiúil

Cuireann an Leabharlann Staidéar Áitiúil taispeántas ar ghnéithe éagsúla de stair Chontae Chorcaí le chéile, le haird a dhíriú ar na bailiúcháin agus ar na hacmhainní atá ar fáil sa leabharlann Staidéar Áitiúil. Taispeántar na bailiúcháin seo i mbrainsí leabharlainne ar fud na tíre agus nasc tábhachtach idir an leabharlann s’againn agus pobail áitiúla á chur ar fáil, ar an gcaoi sin. Tá ábhar na mbailiúchán seo sách éagsúil. Áirítear ann taispeántais chomórtha ar dhaoine iomráiteacha Chorcaí amhail Diarmaid Ó Donnabháin Rosa, Seán Ó Riordáin agus Jeaic Ó Loingsigh. I measc na n-ábhar eile tá: stair Chomhlacht Ford i gCorcaigh, Iarnród Chorcaí Bandan agus an Chósta Theas droichid Eochaille.

Nuachtáin

Tá taisclann mhór nuachtán náisiúnta agus chúige ar mhicreascannán agus i bhfoirm chrua. I measc na nuachtán uathúla de chuid Chorcaí tá an Cork Gazette and General Advertiser (1795), People’s Press agus Cork Weekly (1834-1836) agus the Southern Patriot (Mala, 1844).

Bíonn rochtain ag custaiméirí na leabharlainne ar an Irish Newspaper Archive, an chartlann dhigiteach de nuachtáin na hÉireann is mó ar domhan, le rochtain ar breis agus 40 teideal agus na milliúin alt nuachtáin a chuimsíonn 300 bliain de stair na hÉireann. Is féidir rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin www.irishnewsarchive.com ar ríomhairí poiblí sa Leabharlann Staidéar Áitiúil.