Scoileanna

Fáiltímid roimh cheisteanna ó mhúinteoirí agus ó dhaltaí. Má tá tionscadal scoile nó Measúnú Scoilbhunaithe á dhéanamh ag dalta, is féidir linn comhairle a thabhairt ar leabhair agus áiseanna stairiúla sna bailiúcháin againn.

Na hÁiseanna Againn

Fáiltítear roimh chuairteanna scoile ó bhunscoileanna agus meánscoileanna. Déan teagmháil linn roimh ré le cuairt a shocrú.

Má tá tionscadal nó tasc scoile idir lámha agat is féidir linn comhairle a thabhairt ar na háiseanna atá ar fáil ó thaobh taighde de ar an gceantar s’agat.

Cuirimid podchraoltaí ar fáil ar ábhair éagsúla atá bainteach le stair agus cultúr Chorcaí freisin.

Tá leabhair dhathúcháin iontacha ar théama na hOidhreachta i gcontae Chorcaí arna fhoilsiú ag Aonad Oidhreachta Chomhairle Contae Chorcaí do pháistí óga.

An tSraith Podchraoltaí S’againn

Léirithe Leabharlainne

Measúnú Scoilbhunaithe ar Ábhar Staire Áitiúla

Is féidir linn cabhrú le tionscadail agus taisc staire.

Dá mba mhaith leat cabhair leis an measúnú scoilbhunaithe agat tá leabhair agus irisí úsáideacha staire againn.

Seo a leanas sampla den dóigh ar féidir linn cabhair a thabhairt le tasc scoilbhunaithe ar ábhar staire áitiúla.

Sampla: Cloigtheach Bhaile an Chaisleáin – Chinn Eich, Iarthar Chorcaí

Ar an gcéad dul síos, amharcaimis ar na suíomhanna idirlín a leanas le hainm sibhialta an pharóiste agus na barúntachta ina bhfuil an suíomh stairiúil seo suite a dhéanamh amach.

www.townlands.ie

www.logainm.ie

Foghlaimímid go bhfuil an cloigtheach suite i mbaile fearainn Shlinneoige i bparóiste sibhialta Chinn Eich agus go bhfuil sé i mbarúntacht Chairbreach Thoir (An Roinn Thiar).

To find out more information about this civil parish, it is useful to view the following resources: The Cork Place Names Archive/Cartlann Logainmníochta Chorcaí.This is an 85-volume collection detailing in-depth the place names of townlands, towns and villages across Cork.

In addition, the book ‘Parish Histories and Place Names of West Cork by Bruno O’Donoghue (Tralee: The Kerryman, 1986) is another important resource.

Lena chois sin, is fiú amharc ar leabhair staire agus seandálaíochta na hÉireann ó Chnuasach Chorcaí agus Cnuasach na hÉireann ar an ábhar cloigtheach na hÉireann.

Cé go bhfuil na leabhair sna cnuasaigh againn ar fáil le léamh sa Leabharlann Staidéar Áitiúil ní thabharfar amach ar iasacht iad, seans go mbeifear ábalta cóip iasachta de leabhar staire a iarraidh ar féidir é a bhailiú ón leabharlann áitiúil s’agat.

I measc na leabhair staire a cheadaítear ar an ábhar seo tá:

‘Exploring West Cork: a guide to discovering the ancient, sacred and historic sites of West Cork: part 1 an introduction to ancient, sacred and historic West Cork: part 2, illustrated guide to the sites; index to sites’ le Jack Roberts (An Sciobairín: Key, 1988)

‘Churches in early medieval Ireland: architecture, ritual and memory’ by Tomás Ó Carragáin (New Haven, Conn/ London: Yale University Press, 2010)

‘The Round Tower of Kinneigh, Co. Cork’ by J. Buckley from the Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Vol. XI. 1905, pages 135-138

‘Archaeological Inventory of County Cork: Volume 1: West Cork: comprising the Baronies of Bear, Bantry, West Carbery (east &west), East Carbery (east & west), Ibane & Barryroe and Kinalmeaky’ compiled by Denis Power with Elixabeth Byrne, Ursula Egan, Sheila Lane and Mary Sleeman

(Dublin: The Stationery Office, 2003)

Le haghaidh tuilleadh eolais ar stair, béaloideas agus traidisiúin áitiúla bainteach le Baile an Chaisleáin agus Cinn Eich is fiú Comhaid Shuirbhé Topagrafach agus Ginearálta de chuid Chumann Turasóireachta na hÉireann a cheadú ón na 1940idí atá ar fáil sna cnuasaigh againn sa Leabharlann Staidéar Áitiúil.

Amharcaimis freisin ar chuntais an naoú haois déag ar cheantar nó suíomh stairiúil. i measc na n-acmhainní is coitianta tá:

‘Lewis’ Cork: a topographical dictionary of the parishes, towns and villages of the City and County of Cork’ by Samuel Lewis, introduction by Tim Cadogan (Cork: Collins Press, 1998)

Foilsíodh cuntas Samuel Lewis ar an taisteal a rinne sé thart ar pharóistí agus sráidbhailte Chorcaí den chéad uair in 1837.

‘The Parliamentary Gazetteer of Ireland: adapted to the new poor-law franchise, municipal and ecclesiastical arrangements, and compiled with a special reference to the lines of railroad and canal communication as existing in 1844-45, illustrated by a series of maps, and other plates, and presenting the results, in detail, of the census of 1841, compared with that of 1831’

(Baile Átha Cliath agus Londain: Fullarton, 1845)

Chomh maith leis seo, is áiseanna iontacha iad foilseacháin agus irisí stairiúla áitiúla agus staidéar ar cheantar nó suíomh staire á dhéanamh agat.

Léiriú ó ‘Exploring West Cork: a guide to discovering the ancient, sacred and historic sites of West Cork’ le Jack Roberts (An Sciobairín: Key, 1988, leathanach 79)

Steampower vs Horsepower

This photograph of a steam locomotive was taken in the year 1938, the locomotive ran on the Skibbereen to Schull railway line. This railway line opened in 1886 and it closed in 1947. This photograph is part of the Dermot McCarthy photographic collection.