Léarscáileanna

Tugann an cnuasach léarscáileanna againn léargas an-spéisiúil ar oidhreacht chartagrafach an chontae. Tá léarscáileanna Mhala, An Phasáiste, An Chóibh agus Eochaill de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ar scála deich troithe sa mhíle agus an t-uafás mionghnéithe sna bailte seo á dtaispeáint. Acmhainní suimiúla eile a bhaineann le staidéar ar stair shaibhir Chorcaí is ea iad léarscáileanna eastáit Standish Barry agus léarscáileanna eastáit Poonsonby ó dheireadh na 1860idí/thús na 1870idí

Suirbhéireacht Ordanáis Éireann – Léarscáileanna Bailte

Cnuasach Léarscáileanna Bailte an 19ú haois Mhala, An Phasáiste, An Chóibh agus Eochaill, Contae Chorcaí. Tá na léarscáileanna seo ar scála deich troithe sa mhíle agus an t-uafás mionghnéithe sna bailte seo á dtaispeáint.

See more at our digital archive

Leárscáil Eastát Standish Barry

Tugtar léargas neamhchoitianta ar shaol eastáit in oirthear Chorcaí i lar an naoú céad déag sa chnuasach ar leith seo. Bhronn Theaghlach an Ollaimh Richard G. Barry nach maireann Léarscáileanna Eastát Standish Barry ar Leabharlann Chontae Chorcaí in 2001.

See more in our highlights

Léarscáileanna Eastát Ponsonby

Bhí muintir Ponsonby ina mball d’uaisle na talún. Ba de shliocht John Ponsonby (1713-1787), Spéicéir Theach na dTeachtaí i bParlaimint na hÉireann, darna mac de Brabazon Ponsonby, 2ú Bíocunta Dhún Cannan agus 1ú Iarla Bessborough, é an brainse seo de mhuintir Ponsonby.

See more in our highlights