An Ginealas agus Stair Theaghlach

Is féidir leis Leabharlann Staidéar Áitiúil cabhair agus comhairle a thabhairt maidir le cúrsaí a bhaineann le stair theaghlach. Le háirithintí roimh ré is féidir linn cabhrú le stair theaghlach nuair a thabharfaidh tú cuairt orainn. If we can include here. Is féidir dul i dteagmháil linn ar an nguthán nó do cheist ar stair theaghlach a chur chugainn ar r-phost.

Conas Is Féidir Linn Cabhrú Leat?

Cén taifid daonáirimh atá ar fáil do thaighde ar stair theaghlach?

Is é an t-aon tuairisc atá ar fáil ná na tuairiscí daoináireamh ó 1901 agus ó 1911. Tá siad ar fáil ar www.census.nationalarchives.ie These are freely available on www.census.nationalarchives.ie

Nílim in ann teacht ar bhall teaghlaigh i ndaonáireamh 1901 ná 1911, céard eile is féidir liom a dhéanamh?

Uaireanta is cúnamh é an TRC (toghroinn ceantair) a bheith ar eolas agat agus cuardach cruinn á dhéanamh ar na tuairiscí daonáirimh. Mura bhfuil litriú ceart an bhaile fearainn nó ainm na sráide agat is áis fhóinteach é an bunachar sonraí www.townlands.ie leis an toghroinn ceantair a dhéanamh amach. Mura bhfeiceann tú an sloinne atá uait is féidir iarracht a dhéanamh logainmneacha a chuardach faoin rogha ‘brabhsáil daonáireamh’

CONAS A AIMSÍM TAIFEAD BÁIS, BREITHE NÓ PÓSTA DE DHUINE DEN TEAGHLACH?

Thosaigh clárúcháin breitheanna, básanna agus póstaí in Éirinn sa bhliain 1864, cláraíodh póstaí neamhchaitliceacha ón mbliain 1845.

Tá na taifid seo ar fáil le breathnú ar www.irishgenealogy.ie.

Tá taifid breitheanna ar fáil go dtí an bhliain 1920, póstaí go dtí an bhliain 1945 agus básanna go dtí an bhliain 1970.

CONAS A AIMSÍM ÁIT ADHLACTHA MO SHINSEAR?

Agus taifid adhlactha á gcuardach, tá sé tábhachtach cuimhneamh nach bhfuil ach taifid adhlactha ag cuid mhaith reiligí i ndeisceart na hÉireann ó thús an fichiú haois ar aghaidh. Bíonn ionaid adhlactha in aice le heaglais faoi údarás na heaglaise ach go mbíonn reilig (gan eaglais de ghnáth) faoi smacht an údaráis áitiúil a bheag nó a mhór amhail Comhairle Contae Chorcaí agus Comhairle Cathrach Chorcaí. Tá roinnt teoranta de chláir adhlactha ar fáil ar:

www.corkarchives.ie/collections.cemeteryrecords

Tá clár adhlactha ag an Leabharlann Staidéar Áitiúil ó reilig Chill Mhuire a théann siar go dtí deireadh an naoú céad déag. Chomh maith leis sin tá cóip de chlár adhlactha againn ó Reilig Churrach Cheapáin.

Tá roinnt clár adhlactha d’Iarthar Chorcaí ríomhairithe ag Ionad Oidhreachta an Sciobairín, féach www.graveyards.skibbheritage.com.

Ina theannta sin, rinneadh suirbhé ar roinnt reiligí i gcontae Chorcaí. Leis na sonraí ar na reiligí sin a fháil, féach www.historicgraves.com.

Tá an seans ann go mb’fhéidir leat teacht ar ainm na reilige ón bhfógra báis sa nuachtán. Tá rochtain ar chartlann na nuachtáin sa leabharlann againn ar an mbunachar sonraí: www.irishnewsarchive.com

CÉN ÁIT AR FÉIDIR LIOM TEACHT AR EOLAS AR THAIFID EAGLAIS NA HÉIREANN?

Scriosadh dhá thrian de thaifid paróistí Eaglais na hÉireann i gCogadh Cathartha na hÉireann. De dheasca sin, níl taifid ach ag trian de na paróistí d’Eaglais na hÉireann a mhaireann inniu.

Má tá sinsir Thuaisceart Chorcaí nó Oirthear Chorcaí á gcuardach agat, b’fhéidir go mba mhaith leat amharc ar liosta na bparóistí ar www.rootsireland.ie.

Chomh maith leis sin, Tá cuid mhór taifead i gCorcaigh a tháinig slán as in 1922 ar ríomhairí ag Tionscadal Ginealais an Chóibh. Déantar Teagmháil le Pat Mahony ag pmahony52@yahoo.ie le cuardach a choimisiúnú.

Tá cnuasach de bhunchláir agus de chóipeanna micreascannáin ag Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise. Féach http://ireland.anglican.org/cmsfiles/pdf/aboutus/library/registers/parishregisterstable.pdf.

CHEANNAIGH MÉ SEANTEACH LE DÉANAÍ AGUS BA MHAITH LIOM EOLAS ÉIGIN AR STAIR AN FHOIRGNEAMH?

Má tógadh an foirgneamh roimh lár an naoú haois déag, tá seans ann go mbeidh ainm an phríomhshealbhóra a chónaí ann ag ann am i Luacháil Uí Ghríofa. B’fhéidir go mbeidh taifead de chuid sonraí i leabhair san hOifig Luachála atá ar fáil ar an suíomh www.genealogy.nationalarchives.ie. Maidir le tithe na haoise b’fhéidir eolas a aimsiú ar: www.landedestates.ie agus www.buildingsofireland.ie.

Tá seans ann go mbeidh ainmneacha áitritheoirí an tí ag tús an fichiú haois ar fáil ach daonáireamh 1901 agus 1911 á gcuardach.

TÁ IARRACHT Á DÉANAMH AGAM EOLAS Ó ALT I SEAN-NUACHTÁN A CHUARDACH. CONAS IS FÉIDIR LEAT CABHRÚ?

Tá an iliomad nuachtán againn i bhfoirm mhicreascannán agus i bhfoirm cheangailte. Chomh maith leis sin bíonn rochtain ag pátrún na leabharlainne ar bhunachar na nuachtán digiteach Irish Newspaper Archives. Le liosta na nuachtán atá againn, cliceáil anseo.

Cá dtosaím?

Bailigh a oiread eolais agus is féidir leat ó bhaill teaghlaigh agus ó ghaoil.

Déan sceitse den chraobh ghinealaigh s’agat leis an eolas atá agat, beag beann ar a laghad eolais atá agat, dar leat.

Fiafraigh ó ghaoil níos sine maidir le ionaid adhlactha. Tabhair cuairt ar na reiligí agus glac grianghraif den na leaca cuimhneacháin. Bailigh cóipeanna de chártaí cuimhneacháin chomh maith.

D’fhéadfadh taighde a dhéanamh eagla a chur ort, chuideodh sé dá ndéanfá an taighde ina ghiotaí.

Is iad na taifid is tábhachtaí agus stair theaghlaigh á seiceáil ná cláir paróistí, taifid sibhialta ar breitheanna, básanna, póstaí, taifid réadmhaoine, (Luacháil Uí Ghríofa agus Tithe Applotment Books)

Agus taighde ar stair theaghlaigh á dhéanamh, bíonn sé úsáideach na haonaid riaracháin éagsúla a thuiscint.

Bailte Fearainn: An t-aonad riaracháin is lú agus is iomadúla. Tá 5,429 baile fearainn i gContae Chorcaí.

Paróiste sibhialta: Bunaithe ar paróistí eaglasta níos sine, ach úsáidtear iad mar aonad riaracháin do Tithe Applotment Books, Luacháil Uí Ghríofa. Ní hionann é seo agus paróiste nua-aimseartha den Eaglais Chaitliceach Rómhánach/Eaglais na hÉireann.

Aontas Dhlí na mBocht: Aontas riaracháin a úsáidtear le córas a chur ar fáil chun tacú le tithe na mbocht sa naoú haois déag. Is ionann aontas dhlí na mbocht agus limistéar chláraitheoir an cheannfoirt (úsáideach do chlár na mbreitheanna, básanna agus póstaí)

Barúntachtaí: Aonad riaracháin níos mó ná paróiste, de bhunús Normannach. Tá 23 barúntacht i gCorcaigh.

Acmhainní Úsáideacha

Taifid Paróistí
Taifid Shibhialta
Daonáirimh
Taifid Réadmhaoine
Taifid Eile
Links

Taifid Paróistí Caitliceacha

Tá contae Chorcaí roinnte idir trí Dheoise Chaitliceacha: Corcaigh agus Ros go príomha, Cluain le roinnt ceantar san iarthuaisceart agus in iarthar an chontae i nDeoise Chiarraí (Sráid an Mhuilinn agus Baile Chaisleáin Bhéarra)

Tá Taifid Pharóistí Chorcaí agus Rois agus Chiarraí ar fáil ar líne ag www.irishgenealogy.ie

Tá taifid pharóiste Chluana ar fáil ar an suíomh síntiúis www.rootsireland.ie.

Tá cláir paróistí digitithe ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Níl sé inchuardaithe de réir ainm, mar sin, is gá fios a bheith agat ar pharóiste do shinsir agus dul trí na leathanaigh. Is féidir breathnú orthu seo ar: registers.nli.ie.

Bhain suíomhanna idirlín eile amhail www.findmypast.ie agus www.ancestry.com úsáid as íomhánna ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis na taifid a innéacsú, a chiallaíonn go bhfuil innéacsanna do bhunús na bparóistí inchuardaithe a fhad le 1880 nó mar sin.

Le haghaidh eolas ar taifid paróistí a bhaineann le déanacht Chorcaí ( a áiríonn Cnocán na Biolraí, Gleann Maghair, An Gleanntán, An Pasáiste, Dúglas, Baile an Chollaigh, Teampall Mhuire Agus Anna (Ardeaglais Thuaidh) Séipéal Phádraig agus An Dúcharraig agus murar aimsigh tú iad ar an suíomh idirlín thuas, déan teagmháil linn: localstudieslibrary@corkcoco.ie

Taifid Pharóiste Eaglais na hÉireann

Scriosadh dhá thrian de thaifid paróistí Eaglais na hÉireann i gCogadh Cathartha na hÉireann. De dheasca sin. Má tá sinsir Thuaisceart Chorcaí nó Oirthear Chorcaí á gcuardach agat, b’fhéidir go mba mhaith leat amharc ar liosta na bparóistí ar www.rootsireland.ie

Chomh maith leis sin, Tá cuid mhór taifead i gCorcaigh a tháinig slán as in 1922 ar ríomhairí ag Tionscadal Ginealais an Chóibh.

Déantar Teagmháil le Pat Mahony ag pmahony52@yahoo.ie le cuardach a choimisiúnú.

Tá cnuasach de bhunchláir agus de chóipeanna micreascannáin ag Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise agus is féidir dul i dteagmháil leo ag library@ireland.anglican.org

This link https://www.ireland.anglican.org/about/rcb-library/online-parish-records provides a list of all the Church of Ireland parishes in Ireland, along with a list of dates of baptisms, marriages and burials. Níl an RCB in ann tabhairt faoi thaighde a dhéanamh agus mar sin is gá cuairt a thabhairt ar an leabharlann go pearsanta leis na taifid a iniúchadh.

Thosaigh clárúcháin breitheanna, básanna agus póstaí in Éirinn sa bhliain 1864, cláraíodh póstaí neamhchaitliceacha ón mbliain 1845.

Tá neasdátaí ar fáil go dtí:

breitheanna go dtí 1920

póstaí go dtí 1945

básanna go dtí 1970.

Na taifid shibhialta á gcuardach

Níl taifid shibhialta mhionsonraithe do Chontae Chorcaí ar fáil ar líne. Mar sin féin, is innéacsanna sibhialta a chuardach ar roinnt suíomhanna saor in aisce amhail www.irishgenealogy.ie agus www.familysearch.org, chomh maith le suíomh síntiúis www.findmypast.ie agus www.ancestry.com.

Toisc nach féidir na taifid a chuardach ach faoi cheantar chláraitheoir an cheannfoirt (Aontas Dhlí na mBocht roimhe seo) in ionad ceantar níos lú an chláraitheora, baile fearainn etc. Uaireanta bíonn torthaí débhríoch. Braitheann ráta ratha an innéacs ceart agus an deimhniú ceart ina dhiaidh sin a fháil go mór ar mhinicíocht an ainm (idir chéad ainm agus shloinne(, an méid eolas atá ar fáil ag an taighdeoir agus an t-achar ama.

Is féidir fótachóip den deimhniú breithe/pósta/báis a iarraidh ó Oifig an Ard-Chláraitheora (lonnaithe i Ros Comáin) ach an nasc a leanúint ar an suíomh www.irishgenealogy.ie .

Féach an leárscáil a leanann de cheantair chláraitheoir an cheannfoirt i gContae Chorcaí:

Tá sé tábhachtach go dtuigfidh tú go bhfuil an seans ann nach mbeidh a aois nó dáta breithe cruinn ar eolas ag duine, mar sin, b’fhéidir go dtiocfaidh tú ar neamhréireanna idir taifid. Is fiú an blianta an cuardaigh a leathnú sa réimse cuardaigh agus taighde á dhéanamh ar thaifid.

Bíonn taifid póstaí úsáideach freisin mar áirítear ainm agus slí bheatha athair an bhrídeach agus athair an ghrúim ann. Cuireadh ainm an bhrídeach agus an ghrúim le deimhnithe póstaí sibhialta sa bhliain 1956.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar thaifid shibhialta agus taifid stair theaghlach eile á gcuardach , léigh an leabhrán s’againn ar an nginealas ‘Walking in the footsteps of your ancestors: a beginner’s guide to family history in Cork’ ag an nasc a leanas

Is beag taifid daoináireamh roimh 1901 a mhaireann agus faoi láthair níl aon taifid ar féidir breathnú orthu ó 1911 ar aghaidh.

Tá daonáireamh 1901 agus 1911 ar fáil le cuardach ar líne ag:

www.census.nationalarchives.ie

Is féidir cuardach a dhéanamh faoi shlí bheatha do shinsir agus má rugadh do shinsear i gcontae eile in ‘roghanna cuardaigh bhreise’

Áirítear na blianta a raibh lánúin pósta chomh maith le líon na bpáistí a bhí beo ag am an daonáirimh..

Chomh maith leis sin áirítear Sliocht an Áiritheora (Foirm N) Tuairisc Foirgnimh agus Tí (Foirm B1) agus Tuairisc ar fho-oifigí agus ar áitribh feirme (Foirm B2) . Bíonn an t-eolas seo úsáideach le líon na bhfuinneog sa teach a fheiceáil, líon na bhfuinneog i dtosach an tí agus an díon tuí nó sclátaithe a bhí ar an teach.

Tá sé tábhachtach an roghroinn a bheith ar eolas agat. Tá an t-eolas seo ar fáil in innéacs na mbailte fearainn sa leabharlann nó ar www.townlands.ie..

Luacháil Uí Ghríofa agus Tithe Applotment Books

Ba é Luacháil UÍ Ghríofa ar an gcéad suirbhé cuimsitheach díobh siúd a raibh réadmhaoin acu – tiarna talún nó tionónta. Rinneadh é leis an méid cánach a bhí le híoc ag sealbhóirí réadmhaoine. Áirítear ann ceannaire an tí (ní baill teaghlaigh eile), an léasóir nó tiarna talún agus an líon acraí a bhí sa ghabháltas. Rinneadh suirbhéanna ar cheantair uirbeacha amhail bailte agus sráidbhailte.

Cuireadh i gcrích é do Chontae Chorcaí idir 1851 agus 1853 nó mar sin.

Is féidir amharc ar an bPríomhluacháil (Uí Ghríofa) mar aon le léarscáileanna ar líne ag www.askaboutireland.ie/griffith-valuation.

Cé nach bhfuil sé riachtanach, is fiú paróiste sibhialta bhaile fearainn do shinsir a bheith ar eolas agat chun an taifead ceart a fheiceáil.

Is féidir leabhair ón Oifig Luacháil a fheiceáil freisin (na leabhair ullmhúcháin a tháirg an suirbhé deiridh) ar genealogy.nationalarchives.ie..

Tithe Applotment Books

Cuireadh na Tithe Applotment Books le chéile idir 1823 agus 1837 leis an méid ba chóir áititheoirí ar thalamh níos mó ná acra a íoc i gcáin d’Eaglais na hÉireann a dhéanamh amach.

Cosúil le Luacháil Uí Ghríofa, ní liostaítear ann ach ceannaire an teaghlaigh agus ní bhacann sé le baill teaghlaigh eile.

Tá sé úsáideach agus sloinne á cheangal le baile fearainn ar leith. Tá na taifid tithe roinnte de réir paróiste sibhialta. Má cheapann tú gurbh fheirmeoir é do shinsear sna 1820idí/1830idí b’fhéidir gur fiú na TAB a chuardach ar www.titheapplotmentbooks.nationalarchives.ie nó ar na micreascannáin sa leabharlann againn.

Uachtanna

Scriosadh líon mór uachtanna sa tine in Oifig na dTaifead Poiblí in 1922,ach mar sin féin, maireann cóipeanna d’uachtanna i gClárlanna Uachtanna ó 1858-1900 a bhfuil rochtain orthu ar shuíomh idirlín na gCartlanna Náisiúnta genealogy.nationalarchives.ie. Tá féilirí Uachtanna, Uachtanna Deoisí agus Uachtanna Sainphribhléidí agus Uachtanna Saighdiúirí le feiceáil freisin ar an suíomh idirlín.

Taifid Adhlactha/Inscríbhinní ar Leaca Cuimhneacháin/Fógraí Báis

Is féidir le taifid adhlactha agus inscríbhinní ar leaca cuimhneacháin mearbhaill a chur ort, toisc nach bhfuil cuid mhaith acu digitithe ar an gcéad dul síos agus ar an dara dul síos níl aon bhunachar lárnach nó taisclann ann leis na taifid seo a chuardach.

Níl taifid ag cuid mhaith de na reiligí i ndeisceart na hÉireann roimh thús an fichiú haois déag. Caithfear cuimhneamh freisin go mbíonn ionaid adhlactha atá ceangailte le heaglais faoi údarás na hEaglaise agus go mbíonn reiligí faoi smacht údaráis áitiúil amhail Comhairle Contae Chorcaí nó Comhairle Cathrach Chorcaí.

Tá líon teoranta clár adhlactha ar fáil ar líne:

www.corkarchives.ie/genealogy/burialcemeteryrecords/

Tá líon beag bunchlár ar fáil agus is féidir iad a cheadú ag Cartlanna Chathair agus Chontae Chorcaí Tá líon beag bunchlár ar fáil agus is féidir iad a cheadú ag Cartlanna Chathair agus Chontae Chorcaí. Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré leis na bailiúcháin seo a fheiceáil. Déan teagmháil le archivist@corkcity.ie

Tá líon clár adhlactha ón 20ú haois do chodanna d’Iarthar chorcaí ar ríomhairí ag Ionad Oidhreachta an Sciobairín: www.graveyards.skibbheritage.com.

Tá suirbhé reilig iarthar Chorcaí ar an suíomh agus tá mionsonraí inscríbhinní agus grianghraif de leaca cuimhneacháin ann.

Seans go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh leis an gcláraitheoir maidir le reiligí eile leis an ionad adhlactha áirithe a aimsiú. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le localstudieslibrary@corkcoco.ie

Rinneadh inscríbhinní leaca cuimhneacháin a innéacsú do reiligí éagsúla i gContae Chorcaí. Áirítear i samplaí de bhailiúcháin agus irisí O’Kief Coshe Mang, a chlúdaíonn Iarthuaisceart Chorcaí agus Iris Chumann Stairiúil agus Seandálaíochta Chorcaí. Tá an dá áis le feiceáil sa Leabharlann Staidéar Áitiúil.

Is féidir leis an suíomh www.historicgraves.com a bheith úsáideach má tá an t-ionad adhlactha atá á chuardach agat innéacsaithe anseo. Is féidir amharc ar ghrianghraif leaca cuimhneacháin i gcuid mhaith ionaid adhlactha. Is buntáiste mór é an cumas a bheith ann na leaca cuimhneacháin a mhéadú sna grianghraif. Toisc go bhfuil an t-eolas inscríofa is féidir ainm, reilig srl. a chuardach.

Ní raibh fógraí báis coitianta in Éirinn go dtí go raibh siad éigeantach sna 1940idí. Mar thoradh, socraíonn aicme shóisialta an té an fhéidearthacht fógra báis a aimsiú ar a shon sa lá atá inniu ann.

Tá nuachtáin amhail the Cork Examiner (Irish Examiner a thugtar anois air) agus the Evening Echo ar fáil ar mhicreascannán nó is féidir iad a chuardach ar an suíomh síntiúis www.irishnewsarchive.com atá ar fáil sa Leabharlann Staidéar Áitiúil.

Tá Mionseisiúin Cúirte, Taifid Seirbhíse Arm na Breataine agus tuilleadh ar fáil ar www.findmypast.ie atá ar fáil sa leabharlann.

Horse Fair, Buttevant

This ancient horse fair is held in Buttevant every year on July 12th. The fair is known as Cahirmee Horse Fair as it originally took place in the townland of Cahirmee which is located about 3 miles east of Buttevant.