Faoin Seirbhís Staidéar Áitiúil

Cuimsíonn an sainmhíniú againn ar an Staidéar Áitiúil gach gné den saol i gContae Chorcaí, an saol inné agus inniu. Léirítear an sainmhíniú leathan sin sa chnuasach leabhar, irisí, nuachtán agus acmhainní eile atá againn.

Conas is Féidir Linn Cabhrú Leat?

Fáiltímid roimh cheisteanna ón bpobal. Dá mba mhaith leat tuilleadh eolais faoi do bhaile fearainn, do shráidbhaile nó do bhaile áitiúil, nó má tá ceist ghinearálta agat faoin stair áitiúil, le do thoil, déan teagmháil linn maidir le do cheist. Fáiltímid roimh bhunscoileanna, mheánscoileanna agus mhic léinn triú leibhéal a bhfuil taighde ar thioncsadal nó ar thasc ar an gceantar áitiúil á dhéanamh acu.

Chomh maith leis sin, is féidir linn treoir a thabhairt ar chúrsaí a bhaineann le stair theaghlach agus bímid ar fáil le ceist ar bith a fhreagairt ar an nguthán nó ar ríomhphost.

Má tá eolas ó ailt nuachtán uait, tá cnuasach mór nuachtán againn i bhfoirm mhicreascannán agus i bhfoirm cheangailte, chomh maith leis sin bíonn rochtain ag pátrún na leabharlainne ar bhunachar na nuachtán digiteachIrish Newspaper Archives. Tá seaneagráin de nuachtáin áitiúla Chorcaí amhail The Avondhu, Vale Star, The Corkman agus The Carrigdhoun.

Na hÁiseanna Againn

Cuimsíonn na háiseanna againn ionaid staidéir, Wifi, ríomhairí pearsanta le háiseanna scanacháin do bhaill na leabharlainne, innill mhicreascannáin agus áiseanna fótachóipeála.

Tá réimse leathan leabhar ar an iliomad ábhar sa cnuasach Chorcaí agus Éireann againn, chomh maith le réimse leathan irisí stairiúla, tréimhseachán agus nuachtán.

Is féidir linn cabhrú leis nginealas agus leis stair theaghlach. Is do cheadú sa leabharlann an t-abhar agus ní thugtar ar iasacht é. Tá fótachóipeáil ábhair faoi réir rialacha cóipchirt.

Cartlann Dhigiteach Staidéir Áitiúil

Is stór mór í ár Cartlann Dhigiteach Staidéir Áitiúil a dhéanann iniúchadh ar stair agus oidhreacht an-shuimúil an chontae. Is éard atá sa chartlann dhigiteach ná míreanna ar nós grianghraif, cártaí poist, léarscáileanna, paimfléid agus leabhair nótaí.

Is í an fhís atá againn ná na hachmhainní a bhaineann le stair Chorcaí a thabhairt chuig lucht féachanna leathan, trí na hachmhainní seo a dhéanamh inrochtana go héasca ar líne. Bíonn an chartlann dhigiteach ag fás agus ag leathnú an tam ar fad, de réir mar a dhéantar ábhar nua a dhigitiú.

Tá éagsúlacht mhór sna hábhair a chlúidaítear inár gcartlann, lena n-áirítear réimse ábhair mar stair iarnróid Chorcaí, grianghraif Eochaille agus Droichead na Bandan, stair na gcaisleán ar fud an chontae, Cogadh na Saoirse, léarscáileanna eastáit na naoú haois déag agus comhaid an tSuirbhé Thopagrafach agus Ghinearálta ó na 1940idí de chuid Chumann Turasóireachta na hÉireann.

Ceisteanna Coitianta

An gcaithfidh mé a bheith i mo bhall den leabharlann?

Fáiltímid roimh cheisteanna ó thaighdeoirí agus ón phobal i gcoitinne ar chúrsaí a bhaineann le stair áitiúil agus stair theaghlach. Ní gá duit a bheith i do bhall den leabharlann le cuairt a thabhairt agus rochtain a bheith agat ar na hacmhainní sa Leabharlann Staidéar Áitiúil againn. Is gá duit a bheith i do bhall den leabharlann leis na ríomhairí pearsanta agus na háiseanna Wifi a úsáid. Beidh comhartha aitheantais fótagrafach agus cruthúnas ar sheoladh baile de dhíth le ballraíocht leabharlainne a fháil.

An gcaithfidh mé áirithint a dhéanamh roimh ré?

Ní gá ionad taighde a chur in áirithe leis an ábhar sa Leabharlann um Staidéar Áitiúil a úsáid. Iarraimid ar chustaiméir an léitheoir micreascannáin nó ríomhairí pearsanta na leabharlainne a réamháirithint roimh ré. Déantar teagmháil linn ar 021 4285640 nó r-phost localstudieslibrary@corkcoco.ie le háirithint a dhéanamh.

An bhfuil páirceáil in aice láimhe?

Tá páirceáil don phobal ar chúl fhoirgneamh na leabharlainne. Chomh maith leis sin, tá spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas cóngarach do phríomhbhealach isteach na leabharlainne.

An bhfuil áit ar féidir liom mo mhála nó bagáiste a fhágáil ann?

Ní chuirimid áiseanna bagáiste ar fáil.

What are your opening hours?

We are open Monday to Friday from 9am to 5.30pm. We do not close during lunchtime.

We are closed on Bank Holiday Mondays.

Céard atá i gceist leis an téarma Staidéar Áitiúil?

Staidéar ar stair agus oidhreacht cheantair áirithe atá sa Staidéar Áitiúil. Tá an sainmhíniú leathan agus is féidir go gcuimsítear taighde ar shaol sóisialta, polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha daoine a raibh cónaí orthu i mbaile fearainn, sráidbhaile nó baile áirithe. Is féidir cuid mhór acmhainní a úsáid le taighde a dhéanamh ar cheantar áitiúil amhail leabhair staire agus irisí áitiúla, tuairiscí daonáirimh, léarscáileanna agus ailt as nuachtáin stairiúla. Fáiltímid roimh cheisteanna maidir le do cheantar áitiúil féin.

Cad iad na hacmhainní atá ar fáil sa Leabharlann um Staidéar Áitiúil?

Cnuasach Chorcaí agus Cnuasach na hÉireann: Taisclann mhór leabhar ar díol spéise go háitiúil agus go naisiúnta iad ar ábhair éagsúla amhail an stair, an ailtireacht, an tseandálaíocht agus beathaisnéis.

Rochtain saor in aisce ar an suíomh idirlín ginealais www.findmypast.ie sa leabharlann.

Tá cnuasach mór d’ábhar ar an stair áitiúil againn, irisí stairiúla arna fhoilsiú ag grúpaí staire áitiúla ina measc.

Newspaper Archive: Digital access to www.irishnewsarchive.com and also we have various regional newspapers in bound and microfilm format.

Irisí agus irisleabhair amhail ‘History Ireland’, ‘Archaeology Ireland’ agus ‘Irish Roots’ chomh maith le cnuasach mór tréimhseachán.

Tá cnuasaigh ar leith againn freisin amhail Cartlann Logainmneacha Chorcaí agus Comhaid Chumann Turasóireachta na hÉireann maidir le bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre.

AN gCAITHFIDH MÉ A BHEITH i MO BHALL DEN LEABHARLANN LE CUAIRT A THABHAIRT AR AN LEABHARLANN UM STAIDÉAR ÁITIÚIL?

Ní chaithfidh. Tá fáilte roimh gach duine úsáid a bhaint as na háiseanna s’againn. Tá ballraíocht de dhíth leis na háiseanna idirlín agus na ríomhairí pearsanta a úsáid. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce. Beidh comhartha aitheantais agus cruthúnas ar sheoladh baile de dhíth chun clárú.

AN FÉIDIR ÁBHAR A FHÓTACHÓIPEÁIL?

Tá fótachóipeáil ábhair faoi réir rialacha cóipchirt.

TÁ TIONSCADAL AR STAIR MO CHEANTAR ÁITIÚIL IDIR LÁMHA AGAM. CONAS IS FÉIDIR LIOM EOLAS A FHÁIL?

Déantar teagmháil linn agus is féidir linn comhairle a thabhairt duit ar na acmhainní atá ar fáil. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar 021 4285640 nó ríomhphost a sheoladh le do cheist: localstudieslibrary@corkcoco.ie.

Buail isteach linn

Tá An Leabharlann Staidéar Áitiúil oscailte do gach duine: Staraithe, mic léinn, agus an pobal i gcoitinne. Má tá aon cheist agat maidir le stair áitiúil nó stair theaghlach, tabhair cuairt orainn le do thoil.

Ina theannta sin, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an nguthán ar 021 4285640 nó r-phost localstudieslibrary@corkcoco.ie

An Fhoireann Staidéar Áitiúil

Kieran
Tá an-sásamh ag baint leis an ról sa Leabharlann um Staidéar Áitiúil, ligtear dom staidéar níos doimhne a dhéanamh ar ábhair a raibh eolas agam orthu cheana agus a bheith ag foghlaim faoi abhair a raibh eolas éigin nó eolas ar bith agam orthu. Tá mé tugtha anois don oiread sin ábhar níl sé furasta aon ábhar ar leith a roghnú, ach is iad stair agus polaitíocht na hÉireann, logainmneacha Chontae Chorcaí agus sráideanna Chathair Chorcaí agus stair ghinearálta mhuirí na hábhair is fearr liom go pearsanta. Bainim taitneamh as an eolas seo a roinnt le daoine agus grúpaí a thugann cuairt ar an leabharlann agus tríd an mbaint a bhíonn agam le taispeántais, léirithe agus podchraolta ar na mallaibh.

Marie
Tá suim mhór agam sa stair áitiúil, ag foghlaim faoi fhoirgnimh stairiúla amhail caisleáin agus tithe móra go háirithe. Bím faoi dhraíocht ag an tseandálaíocht chomh maith agus tá fardail seandálaíochta an–úsáideach againn do chontae Chorcaí sna bailiúcháin againn. Déanaim ábhair agus acmhainní a dhigitiú do na bailiúcháin ar líne atá ag méadú againn. Is é an stair theaghlach ábhar eile a bhfuil spéis agam ann agus bainim taitneamh as cabhrú le daoine le haon cheist ghinealais atá acu.

Kissing the Blarney Stone

This world-famous tower house attracts thousands of visitors each year, who kiss the stone in the hope of acquiring the gift of eloquence. According to tradition, Queen Elizabeth I had ordered her soldiers to seize control of the castle. However, Cormac McCarthy (Lord Blarney) used his skilful flattery to stall the takeover of the castle, causing the Queen to refer to reports of the matter as all ‘Blarney’.